Frances Mulraney
Níl aon rud is fearr liom ná na huaireanta a chaitheamh ag cur amú ama ar Facebook. Bhí lá cúpla bliain ó shin, agus is cuimhin liom srathfhéachaint a thabhairt ar leathanach Facebook mo dhearthár atá sé bliana níos óige ná mé féin. Bhí iontas an domhain orm a fheiceáil go raibh cúig chéad cara aige agus shiúil mé díreach chuig a sheomra le tabhairt amach dó faoi bheith ag seoladh cuirí chun cairdis chuig daoine nach raibh aithne aige orthu. “Ach tá aithne agam orthu”, a dúirt sé liom ag breathnú trína a liosta cairde agus ag míniú cé hiad.
Chuaigh mé ar ais go dtí mo sheomra féin agus mearbhall orm. Conas mar atá cúig chéad cara ag mo dheartháir nuair nach bhfuil agam féin ach sé chéad? Caithfidh sé go bhfuil aithne agam ar i bhfad níos mó daoine tar éis sé bliana sa bhreis a chaitheamh ar an saol agus na cairde nua ar fad ar bhuail mé leo san ollscoil. Nach gcaithfidh?
Bhreathnaigh mé tríd mo liosta féin agus mearbhall orm fós faoi na strainséirí seo a bhí ar an liosta i measc mo dhlúthchairde agus mo mhuintir. An raibh aithne agam ar an gcailín seo? Ní cuimhin liom í. Ar casadh orm an buachaill seo cheana? Ní dóigh liom go n-aithneoinn é dá mbuailfinn leis ar an tsráid. Agus cé mhéad daoine ar an liosta ar labhair mé leo an tseachtain seo a d’imigh tharainn? An mhí seo? Le cúpla bliain anuas?
Bhreathnaigh mé ar fhís de chuid Shimi Cohen le déanaí darb ainm ‘The Innovation of Loneliness’ a chuir an t-eachtra seo i gcuimhne dom. Tá sé bunaithe ar alt den ainm céanna ó pheann an Dr. Yair Amichai-Hamburgers agus baineann sé úsáid as TED talk a thug Sherry Turkle darb ainm ‘Connected, But Alone’. Breathnaíonn Shimi ar an nasc idir an uaigneas agus na meáin shóisialta.
Cuireann sé muid i gcomparáid le moncaithe agus leis na grúpaí cairde a bhíonn acu. Bíonn siad ag fanacht i ngrúpa de 20 go 50 moncaithe de ghnáth. Má ardaítear líon an ghrúpa thar an 50 moncaí sin, scarann siad ó chéile agus cruthaítear grúpa nua. An fáth atá leis sin ná go gcaithfidh siad aithne cheart a bheith acu ar a chéile agus sa chás nach mbíonn, titeann struchtúr na sochaí as a chéile.
“Le cúpla bliain anuas, tá curtha ar ar súile dúinn a mhéid fadhbanna is a chruthaíonn na meáin shóisialta i measc an aois óig, ó thaobh na cibearbhulaíochta ach go háirithe.”
Má bhreathnaímid ar an duine daonna sa chaoi chéanna, léiríonn an taighde nach féidir linn aithne cheart a chur ar níos mó ná 150 duine. Ina dhiaidh sin, ní féidir linn caidreamh ceart a bheith againn leo. Is ainmhithe sóisialta muid nach maith linn a bheith inár n-aonar, ach buaileann tú le cairde nua, éiríonn cairdis áirithe lag agus sin é an saol. Bain triail as anois. Breathnaigh ar liosta do chairde agus cairde do chairde ar Facebook má tá sé agat. Cé mhéad daoine atá ar an liosta sin ar a mheán? Níos mó ná 150?
An tseachtain seo caite chaith mé lá iomlán ag ceardlann agallaimh agus CVanna agus ag deireadh an lae bhí mé in ísle brí. Conas gur féidir liom seasamh amach ón slua? Conas gur féidir liom an post is fearr a fháil, a bheith ag tuilleadh go leor airgid agus an lámh in uachtar a fháil ar gach éinne eile, mo chairde agus mo theaghlach san áireamh? Táimid ar fad in iomaíocht lena chéile na laethanta seo agus caithimid an méid sin ama ag obair ar ár saol proifisiúnta agus ar ár bpróifíl phroifisiúnta is go ndéanaimid faillí ar an taobh sóisialta dár saol – taobh atá an-tábhachtach dár meabhairshláinte agus dár bhforbairt phearsanta féin.
Bíonn muid ag caitheamh ár gcuid ama ar fad ag obair ar ár bpróifíl ar líne. Gach uile nóiméad cuirtear 3,600 grianghraf ar Instagram, seoltar 104,000 ghrianghraf ar Snapchat, seoltar 278,000 tvuít agus brúitear ‘is maith liom é’ 1.8 milliún uair ar Facebook. In ionad a bheith ag cothú na gcaidreamh cearta atá ag teastáil uainn, bíonn muid ag cur luacha ar líon na gcairde atá againn ar Facebook, líon ár lucht léanúna ar Twitter, líon na ndaoine atá tar éis amharc ar fhíseán dár gcuid ar Youtube agus líon na ndaoine a deir gur maith leo grianghraf dár gcuid ar Instagram.
Is féidir linn grianghraif nach dtaitníonn linn ar na meáin shóisialta a scrios, ach is féidir linn a bheith cinnte go mbeidh duine i gcónaí ar líne gur féidir linn labhairt leis agus nach mbeidh muid inár n-aonar go brách. Bíonn ar a laghad duine amháin den chúpla céad cara sin i gcónaí ar líne. Cuirtear an-bhéim ar íomhá duine ar líne agus bíonn daoine ag caitheamh go leor ama ag cruthú pearsantachta (seans nach bhfuil sé cosúil lena bpearsantacht féin, seans go bhfuil).
Bítear ag iarraidh daoine eile a bhailiú ar mhaithe le stádas a bhaint amach tríd a bheith ag cur le líon na gcairde atá ag duine ar líne agus cuirtear grianghraif ar líne a thaispeáineann an saol iontach spraoiúil atá ag duine. Bíonn muid dár gcur féin i gcomparáid lena chéile trí na meáin shóisialta. Ag deireadh na dála, an bhfuil aon dochar á dhéanamh againn?
Agus borradh ag teacht, bliain i ndiaidh bliana, faoin méid daoine atá ag rá go bhfuil fadhb acu leis an uaigneas agus tuilleadh daoine ag baint úsáide as na meáin shóisialta i rith an ama, an bhfuil fadhb againn i ngan fhios dúinn féin? Cé go bhfuil go leor “cairde” againn, an bhfuil uaigneas orainn?
“Léiríonn taighde a rinneadh sna Stáit Aontaithe go mothaíonn daoine óga uaigneach tar éis dóibh a bheith ag labhairt le daoine ar líne.”
Le cúpla bliain anuas, tá curtha ar ár súile dúinn a mhéid fadhbanna is a chruthaíonn na meáin shóisialta i measc an aois óig, ó thaobh na cibearbhulaíochta ach go háirithe. Tar éis dúinn scéalta uafásacha cosúil le scéal na ndeirfiúracha Erin agus Shannon Gallagher i nDún na nGall a chloisteáil, ní hiontas ar bith 10% de bhuachaillí agus 12% de chailíní a bheith ag rá gur dearnadh bulaíocht orthu ar líne.
De réir suirbhé de chuid Pfizer a cuireadh i gcrích i mí Mheán Fómhair na bliana seo, creideann tromlach na ndaoine sa tír seo go bhfuil droch-thionchar ag na meáin shóisialta ar ár meabhairshláinte agus ar mheabhairshláinte na ndéagóirí ach go háirithe. Tá “Slane Girl” fós i mbéal an phobail, rud a léiríonn an dochar gur féidir leat a dhéanamh le ghrianghraf amháin.
Thaispeáin múinteoir sa Fhrainc cé chomh tapa agus is féidir íomhá a scaipeadh ar an idirlíon cúpla seachtain ó shin trí ghrianghraf de féin is é ag iarraidh ceacht a mhúineadh dá rang a roinnt. Taobh istigh de chúpla uair an chloig bhí 480 duine tar éis an grianghraf a athtvuíteáil agus bhí 65 “is maith liom é” aige.
Is áiseanna iontacha iad na meáin shóisialta le haird a tharraingt ar fheachtais faoin meabhairshláinte agus nascanna agus sonraí teagmhála tábhachtacha a roinnt. Is áit iad, leis, ina mothaíonn daoine sábháilte go leor is gur féidir leo na fadhbanna seo a phlé. Le déanaí, chonaiceamar an tionchar iontach a bhí ag blag Conor Cusack, atá ina iarbhall d’fhoireann iomána Chorcaí, agus an bealach gur chabhraigh sé le daoine labhairt amach faoina gcuid fadhbanna féin.
Baineann go leor eagraíochtaí úsáid as na meáin shóisialta ar mhaithe le tuiscint níos fearr a fhorbairt faoi chúrsaí meabhairshláinte agus le feachtasaíocht a dhéanamh. Tá taighde ann a léiríonn go gcabhríonn siad le daoine atá faoi mhíchumas agus le seandaoine agus iad ag streachailt leis an uaigneas.
Ag an am céanna, léiríonn taighde a rinneadh sna Stáit Aontaithe go mothaíonn daoine óga uaigneach tar éis dóibh a bheith ag labhairt le daoine ar líne, mothúchán nach mbíonn acu chomh minic sin agus iad ag casadh lena gcairde sa saol réadúil agus iad ag comhrá leo duine le duine.
Cúpla mí ó shin, labhair cailín óg a raibh búilime uirthi amach sa Huffington Post faoin droch-thionchar a bhí ag na meáin shóisialta uirthi agus í ag dul i bhfeabhas. Aon uair a mhothaigh sí uaigneach, in ionad rud éigin a ithe mar ba nós léi agus í tinn, logáil sí isteach ar Facebook. De réir a chéile, tharla sé go mbíodh sí iontach neirbhíseach muna mbíodh sí in ann a leathanach a sheiceáil go minic. Bíodh sí ag smaoineamh faoin mbealach gurbh fhéidir léi aon rud a rinne sí i rith an lae nó aon rud greannmhar a tharla di a scríobh ar líne nuair a théadh sí abhaile. Bíodh sí i gcónaí ag smaoineamh faoi bhealaigh le taispeáint go raibh sí i gceart arís. Ach ní raibh.
Cé gur sna Stáit Aontaithe a rinneadh an taighde, má bhreathnaíonn muid ar staitisticí anseo in Éirinn is léir go bhfuil na meáin shóisialta mar pháirt lárnach dár saolsa freisin. Tá guthán cliste ag 1.6 milliún Éireannach faoi láthair, figiúr atá ag ardú an t-am ar fad. Tá 600,000 úsáideoir laethúla ag Twitter in Éirinn agus is muidne a bhaineann an méid is mó usáide as Facebook i measc na dtíortha a labhraíonn Béarla, le 2.5 milliún usáideoir míosúla againn. I suirbhé a rinne Eircom i mbliana, dúirt 25 faoin gcéad den dream ar cuireadh ceist orthu gurbh fhuath leo a bheith ar an duine sin nach bhfuil mórán cairde aige ar Facebook, rud a léiríonn an stádas agus an tábhacht atá ceangailte leis.
Seoladh clár nua darb ainm Vir2o i rith an tsamhraidh a bhfuil sé mar aidhm aige dul in iomaíocht le leithéidí Facebook agus Google+. Deir lucht a chruthaithe go bhfuil siad ag iarraidh a bheith cosúil le do theach tábhairne áitiúil nó le d’ionad pobail. Tógann siad tréithe ó shuíomhanna éagsúla, ach dar leo féin go bhfuil siad ag iarraidh a bheith níos tábhachtaí ná meán sóisialta agus gur mhaith leo áit a chruthú inar féidir le daoine leanúint ar aghaidh leis na caidrimh atá acu as líne agus iad a fhorbairt ar líne in ionad a bheith ag bailiú cairde ar nós Facebook. An gcabhróidh sé sin nó ar chóir dúinn gan a bheith ag forbairt caidrimh ar líne ar chor ar bith?
Cúpla mí ó shin thug mé faoi deara go raibh mé ag caitheamh an dá uair a chloig ag taisteal abhaile gach oíche Dé hAoine ag breathnú ar Facebook agus ar Twitter, am a chaithinn ag léamh nó ag staidéar is mé sa chéad bhliain ar an ollscoil. In ionad a bheith ag labhairt le daoine eile sa seomra gach oíche, bím ar líne agus seans nach n-athróidh sé sin ina dhiaidh seo féin, ach ar a laghad tuigim anois gur fearr maitheas na gcairde ná líon na gcairde. Seans go mbeidh níos mó cairde ar líne ag mo dheartháir amach anseo ach táim sásta leo siúd atá agam as líne.