(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.)
D’fhógair Oifig na Gaeilge go bhfuil Seomra na Gaeilge ar champas oscailte arís.
Dar le hOifig na Gaeilge, beidh siad “ag cloí le treoracha maidir le COVID-19 chun gach duine a choimeád sábháilte.”
Beidh an seomra oscailte ó 11-4i.n. gach lá, agus ceadaítear deichniúir sa seomra ag aon am amháin. Caitear áit a chur in áirithe sula dtéann tú ann. Is féidir áirithint a dhéanamh anseo.
Dúirt an Oifig gur deis mhaith é seo “do chuid Gaeilge a chleachtadh, bualadh le daoine nua, [agus] sos a thógáil ar an gcampas”.
Ní hamháin sin, ach is filleadh éigin é go gnáthimeachtaí an tsaoil do mhic léinn agus do bhall foirne araon. Le formhór na múinteoreachta déanta ar líne faoi láthair, agus le laghdú ollmhór ar líon na ndaoine ar champas ó mhí Márta, beidh seans ag mic léinn teacht le chéile i mbealach neamhfhoirmeálta, compordach agus sábháilte.
Is seans maith é chomh maith do na daoine atá ag brath uathu Anraith agus Áran gach Céadaoin, chun é a athchruthú duit féin. Nó, do lucht na céad bliana ach an oiread chun blas a fháil ar chultúr Gaeilge an Choláiste faoi dheireadh.
I ráiteas a thug sí do Trinity News, dúirt Oifigeach na Gaeilge Gretchen Ganly go bhfuil sí “ag tnúth go mór le bheith ar ais agus moille a dhéanamh ar mo chuid oibre!”
Ag labhairt le Trinity News, dúirt Ciara Ní Murchú, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, go bhfuil siad “an-bhuíoch as an Oifigeach Gaeilge Áine Ní Shúilleabháin as athoscailt an tseomra a eagrú.”
Leanann Ciara ar aghaidh, ag rá go dtugann “an seomra deis do lucht labhartha na teanga teacht le chéile, agus is cinnte go bhfuil sé ríthábhachtach go mbíonn spás caidrimh ann do mhic léinn atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a úsáid le chéile”.
“Táimid ag súil go mór le bheith ar ais ann agus le croílár phobal Gaeilge an Choláiste agus croílár an Chumainn Ghaelaigh a roinnt le chuile duine.”
Gluais (Glossary)
Áirithint Booking
Gnáthimeachtaí an tsaoil Normal life activities
Araon Alike
Athchruthaigh To recreate
Ráiteas Comment/Statement
Moille a dhéanamh ar X To procrastinate on something
Reachtaire Auditor
Croílár Centre